
Colm Mac Con Iomaire: Award-Winning Irish Composer and Multi-Instrumentalist
Colm Mac Con Iomaire is a highly acclaimed Irish composer and multi-instrumentalist, renowned for his deeply expressive work influenced by the natural world, his native Irish language and homeland. His diverse body of work spans film scores, theatre productions, dance performances, and three critically celebrated solo albums. A prolific collaborator, Colm has toured internationally, continually blending traditional and contemporary styles in his compositions. Raised in a musically rich household—his father a renowned broadcaster, song collector and Sean Nós singer and his mother a talented pianist—his work is a reflection of his cultural heritage and artistic upbringing.
Colm Mac Con Iomaire: Ceoltóir Ildánach agus Sárchumadóir
Tá cáil mhór ar an gcumadóir agus ceoltóir ildánach Colm Mac Con Iomaire as doimhneacht agus líofacht a shaothar agus tá tionchar an dúlra agus an dúchais le haithint go láidir ar a chuid ceoil. Tá ceol scannán, ceol don stáitse agus ceol damhsa cumtha aige chomh maith le trí albam aonair atá molta go hard. Is iomaí ceoltóir a chas in éineacht le Colm sa mbaile agus thar toinn agus is nós leis tarraingt ar stíleanna traidisiúnta agus comhaimseartha ina chuid cumadóireachta.
Best known as a founding member of the traditional band Kíla and the influential rock group The Frames, Colm has contributed his violin to both bands, shaping their distinct sound. The Frames have recorded and toured across eight albums, celebrating their 30th anniversary with a remarkable 25,000-sellout performance in Ireland.
Colm's solo career began in 2008 with the release of The Hare's Corner (Cúinne an Ghiorria), a record that drew comparisons to the works of Michael Nyman and Arvo Pärt, with music writer Peter Murphy noting echoes of Seán Ó Riada. This was followed in 2015 by And Now The Weather (Agus Anois An Aimsir) of which the Irish Times’ Brian Keane wrote ‘these 10 gorgeous, pocket sized instrumentals come from a classically trained head, a transient folk soul and an indomitable traditional heart.’ and of 2019’s The River Holds Its Breath (Tost ar an Abhainn) Tony Clayton-Lea wrote - ‘without any apparent fuss, Mac Con Iomaire just piles one beauty on top of another’.
Colm Mac Con Iomaire continues to push the boundaries of his craft, forging a unique, evocative sound that resonates across genres and generations.
Tógadh le ceol é. Craoltóir, bailitheoir amhrán agus fonnadóir ar an sean-nós a bhí ina athair agus ceoltóir álainn pianó a mháthair. Tá an traidisiún agus an oidhreacht chultúrtha as ar fáisceadh é fite fuaite ina chuid ceoil.
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa thraidisiúnta Kíla agus an racbhanna mór le rá The Frames agus chuir ceol veidhlín Choilm go mór le fuaim shuaithinseach na mbannaí ceoil sin. Tá ocht gcinn d’albaim taifeadta ag The Frames agus an domhan mór siúlta acu á gcasadh. Bhí sciob sceab ar an 25,000 ticéad dá gceolchoirm in Éirinn agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód.
Thosaigh Colm ag casadh ceoil ina aonar in 2008 tráth ar seoladh Cúinne an Ghiorria (The Hare’s Corner). Cuireadh a chuid ceoil i gcomparáid le saothar Michael Nyman, Arvo Pärt agus d'aithin an léirmheastóir Peter Murphy lorg Sheáin Uí Riada ar a shaothar. Sa bhliain 2015 seoladh Agus Anois an Aimsir (And Now the Weather) agus seo mar a rinne Brian Keane ón Irish Times cur síos air: ‘these 10 gorgeous, pocket sized instrumentals come from a classically trained head, a transient folk soul and an indomitable traditional heart’. Ceithre bliana ina dhiadh sin, in 2019, tháinig Tost ar an Abhainn (The River Holds its Breath) ar an saol agus bhí an méid seo le rá ag Tony Clayton-Lea faoi: ‘without any apparent fuss, Mac Con Iomaire just piles one beauty on top of another’.
Tá bua ar leith ag Colm Mac Con Iomaire i mbun ceirde agus tóir mhóir ag tír is talamh ar a cheol álainn dá réir.
